Mhol Elton John Kneecap le déanaí agus anois tá banna Éireannach eile á mholadh ag an "Rocket Man". Tá na racairí Éireannacha Fontaines DC ainmnithe aige mar, "an banna ceoil is fearr" ar domhan faoi láthair. Tá an banna Éireannach ag dul i bhfeidhm go seasta ar lucht leanúna an rac-cheoil ó tháinig a gcéad albam, Dogrel, amach cúig bliana ó shin, i 2019.

Anois, tar éis dóibh a gceathrú halbam, "Romance", a eisiúint, tá na racairí iar-phonc ag fáil moladh ó chuid de na réaltaí is mó i saol an cheoil dhomhanda. Agus is dócha gurb é an moladh is iontach atá acu go dtí seo, ná an ceann ó Elton John. Sign up to IrishCentral's newsletter to stay up-to-date with everything Irish! Thug Elton ardmholadh do Kneecap cheana féin.

Dúirt sé go mbeidh an banna rap Gaeilge ina "bhanna mór". Ag an am sheinn sé a n-amhrán, "Better Way to Live", ar a seó raidió, "Rocket Hour", ar Apple Music. Dúirt sé: "Is as Béal Feirste do Kneecap agus cuireann siad le chéile liricí hip-hop aoir (satirical) agus comhfhiosach sóisialta (socially conscious).

"Tá siad go hiontach." Agus anois, ag labhairt dó leis an bpríomhamhránaí ag Fontaines DC, Grian Chatten, mar chuid dá phodchraoladh, bhí moladh iontach ag an amhránaí don bhanna. "Maidir liomsa, agus táim ag faire ort ag fás ó albam go halbam, is sibhse an banna atá tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh go ceolmhar, go liriceach, .